Access Keys:

 
 
Scoil Phádraig, Dobhar, Co. Dhún na nGall

Iarscolairí

Clannad agus Enya; Iarscolairí Cáiliúla

Tá baint mhór ag an cheol leis an scoil seo. Ba é Aodh Ó Dubhgáin a bhí ina inspioráid ag a chlann agus a gharchlann agus chuidigh sé tús a chur leis an bhanna ceoil Clannad. Ciallaíonn Clannad Clan as Dobhar agus bhain siad cliú agus cáil amach ar fud an domhain.

Tá aithne ar Enya ar fud na cruinne agus bhí a tuismitheoirí, Máire agus Leo, ina gcairde móra ag an scoil i dtólamh. Chaith Bn Uí Bhraonáin blianta fada mar bhall den Bhord Bainistíochta agus bhí sí féin agus a fear céile, Leo, i gcónaí ar fáil le ceol agus drámaí a chur ar fáil sa scoil.

Is cinnte go bhfuil an scoil faoi bhláth agus go bhfuil dea-obair á dhéanamh ag an fhoireann teagaisc, ag na daltaí, ag na tuismitheoirí agus ag an Bhord Bainistíochta.

Le Máire Bn Uí Bhraonáin

 

Ba í 1970 a tháinig 'Clannad' - Máire, Ciarán agus Pól s'againn féin agus Noel agus Pádraig, mo bheirt dheartháir - le chéile do Shlógadh Ghael Linn. Bhain siad comórtas na bpopghrúpa agus in 1972 sciob siad an chraobh ag Féile Ceoil Cine Leitir Ceanainn. Chuaigh siad leis an cheol go lánaimseatha i 1976. Tá 18 fadcheirnín eisithe ag Clannad go dtí seo agus sheinn siad ag na céadta ceolchoirmeacha, ar fud an domhain. Chuaigh 'Harry's Game', ceolthéama a chum siad do shraith telifise Yorkshire Television, go huimhir a 5 i gcairteanna na Breataine agus bhí Clannad ar 'Top of the Pops'. Bhain siad duais Ivor Novello agus i 1984 gradam BAFTA as an cheol a chumadh don tsraith teilifíse, Robin of Sherwood.