Access Keys:

 
 
Scoil Phádraig, Dobhar, Co. Dhún na nGall

Stair

 
 
 

SCOIL: DOBHAR BUNAITHE 1882

PARÓISTE: Tullaghabegly

UIMHIR ROLLA: 4741

  Scoil Phádraig Dobhar 2011 - Ar aghaidh

Le Anne Curran (Príomhoide)

 

Tháinig mise chun na scoile seo i 1998 agus tá mé i mo phríomhoide anois le dhá bhliain anuas. Nuair a tháinig mé anseo bhí cúigear oide ann: Pól Mac Aodha mar phríomhoide, Séimidh Ó Duibhir, Máire Bn Uí Dhubhchoin agus Eibhlín Nic Suibhne i mbun ranganna, agus Seán Ó Dónaill mar Mhúinteoir Tacaíochta Foghlama lena chuid ama rannta idir Scoil Phádraig , Scoil an Bhun Bhig agus Scoil Dhoirí Beaga. Cuireadh fearadh na fáilte romham chun na scoile agus tá sult agus pléisiúr bainte agam as na cúig bliana déag atá caite agam anseo go dáta.

 

D’fhág an gasúr is óige de mo thriúr gasúr an scoil an bhliain seo caite. Tá lúcháir orm a rá gur bhain siadsan sult as a dtréimhse sa scoil agus d’fhág siad uilig agus muinín agam go raibh siad réidh le tabhairt faoin chéad chéim eile dá saol scolaíochta i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.

Sé an mhian a bheadh ag an bhord bainistíochta, ag an fhoireann agus agam féin go mbeadh gach dalta a fhágann an scoil, oilte agus muiníneach le dul i mbun a dtréimhse scolaíochta dara leibhéal. Anuas air sin ba mhaith linn go mbeadh deis acu an fhad is a bhí siad linn anseo sa scoil, páirt a ghlacadh in imeachtaí spóirt, drámaíocht, ceol agus imeachtaí cultúrtha eile trí mheán na Gaeilge.

 

Scoil Dhobhair 1882 - 2011

Le Pól Mac Aodha (Iar-Príomhoide)

Sin mar atá scríofa san leabhar tinrimh fá Scoil Dhobhair nuair a cuireadh ar bun í sa chéad seo caite (naoú céad déag). Cibé scoláireacht a bhí le fáil ag an am bhí sé i mBéarla na banríona, cé nach raibh ag muintir na h-áite ach Gaeilge.

Thug Pádraig Mac Piarais cuairt ar Scoil Dhobhair thart fá thús an chéid sin agus scríobh sé nios moille go raibh ráiteas Béarla ar an chlár dubh ach nach raibh ag na páistí ach Gaeilge.

Ba seo cuid de chóras oideachais na Breataine ina raibh sé crosta ar an pháiste Gaeilge a labhairt i rith am scoile. Bhí bata ag an mhúinteoir agus chuireadh sé/sí iog sa bhata dá mbeadh an dalta ag labhairt Gaeilge. Bhí ainmneacha na bpáistí agus na sonraithe eile uilig thíos san leabhar tinrimh i mBéarla. Mar a fheiceann muid ní raibh paróiste Ghaoth Dobhair ann (scríofa síos) go fóill agus níor tugadh Scoil Phádraig ar an scoil ag an am sin. Tháinig athrach air seo sa bhliain 1927, nuair a cuireadh ainmneacha agus sonraithe eile síos i nGaeilge. Bhí córas úr oideachais ar bun faoi Shaorstáit na h-Éireann.

1882 AGUS 1932

Nuair a tógadh an tseanscoil sa bhliain 1882 - san áit a bhfuil teach Aodh Uí Dhubhgáin inniu - deirtear gur sin an chéad teach slinne a bhí sa cheantar. Ba saor cloiche darbh ainm 'Ac Ruaidhrí a bhí i mbun na h-oibre agus thóg sé cúpla teach chinn slinne eile sa cheantar ina dhiaidh sin. Bhí teach scoile ar an tsuíomh go dtí 1932 nuair a tógadh scoil úr cóngarach don tseanscoil. Fosclaíodh Scoil Phádraig go h-oifigiúil sa bhliain 1934. Cheannaigh an Máistir Ó Dubhgáin an tseanscoil agus rinne sé teach cónaí dí agus tá cónaí ar a shliocht ansin go fóill.

Tá iomrá go fóill sa cheantar ar na seanmhúinteoirí a theagasc sa tseanscoil. Bhí daoine mar An Dubhaltach (Chnóchair) Sean Mhícheáil Arais Ó Dubhgáin as Mín Doire Dhaimh, Aodh Ó Gallchóir as Machaire Chlochair, Cait Bn Uí Ghrianna (nee Fox), Aodh Ó Dubhgáin agus a bhean Máire An Ghabha ag múineadh intí.

Iarmhúinteoirí a theagasc sa tseanscoil An Dubhaltach (Chnóchair) Seán Mhícheáil Árais Ó Dubhgáin as Mín Doire Dhamh Aodh Ó Gallchóir as Machaire Chlochair Cait Bn Uí Ghrianna (née Fox) Aodh Ó Dubhgáin agus a bhean Maire an Ghabha

CÓNASCADH

Cónascadh dhá scoil le Scoil Phádraig - Scoil Náisiunta An Toir agus Scoil Eoin Báiste, Dun Lúiche. Druideadh Scoil an Toir sa bhliain 1968 agus tháinig na daltaí lena múinteoir Nóra Bn Mhic Mhaonghail go dtí Scoil Phádraig. Deich mbliana ina dhiaidh sin druideadh Scoil Eoin Báiste, Dun Lúiche, agus tháinig beirt oide, Séan Ó Fearraigh, nach maireann, agus Peigí Nic Giolla Bhríde go Scoil Dhobhair.

Ag amharc tríd an leabhar tinrimh tá ainmneacha Sheáin agus Phádraig Delap le feiceáil. Thosaigh siad mar dhaltaí ar Scoil Dhobhair sa bhliain 1940. Bhí Seán Delap, nach maireann, ina Bhreithneamh i mBaile Atha Cliath agus bhí Pádraig, nach maireann, ina dhochtúir i nGaoth Dobhair agus ina Theachta Dála don Dailcheantar seo. Tá an bheirt ar shlua na marbh.

Deirtear sa leabhar chéanna sin gur beirt mhac iad le Antoin Delap, máistir staisiúin Traenach Ghaoth Dobhair.

SCOIL PHÁDRAIG 1882 - 1998

Níl dabht ar bith ná go bhfuil tábhacht ag baint le huimhir a 8, agus caibideal a dhéanamh againn i dtaobh na scoile seo. Bhí Scoil Phádraig lonnaithe san Ard Scoil i Machaire Chlochair ó 1985 go dtí 1989. Tógadh scoil úr ar an láthair chéanna i nDobhar, agus rinneadh cóiriú iomlán ar an tseanfhoirgneamh sna blianta sin. Nuair a d'eirigh Peigí Nic Giolla Bhríde as an mhúinteoireacht, ceapadh Yvonne Ní Cholla as an Bhun Bheag ina h-áit agus b'iad Séamus Ó Duibhir, Pól Mac Aodh agus Yvonne Ní Cholla a ghlac seilbh ar an fhoirgneamh úr sa bhliain 1989.

Tháinig borradh agus fás ar an scoil sna nóchaidí. Bhí líon na ndaltaí ag druidim le 100 agus ceapadh an ceathrú oide, Máire Bn Uí Dhubhchoin, múinteoir as Uibh Fháilí. Chaith Bridie Nic Suibhne cúpla bliain ag teagasc sa Scoil i nDobhar go bhfuair sí post lánaimseartha i Scoil Mhuire. Pósadh an t-oide Yvonne Ní Cholla agus d'imigh sí go Port Láirge le post a ghlacadh i Scoil lán ghaelach.

Mar sin sa bhliain 1996, ceapadh Eibhlín Nic Suibhne as Machaire Gathláin mar cheathrú oide agus ghlac mé fhéin na srianta mar Phríomh Oide.